Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 34:7-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Bhris sé na haltóirí agus na cuaillí naofa, rinne luaithreach de na híola, agus scartáil na haltóirí túise ar fud thír Iosrael. Ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim.

8. San ochtú bliain déag dá réimeas, d'fhonn an tír agus an Teampall a ghlanadh, chuir sé Seáfán mac Azailiá, agus Másaeiá rialtóir na cathrach, agus Ioach mac Ioachaz an callaire, le Teampall an Tiarna a Dhia a ghlanadh.

9. Chuaigh siadsan go Hilcíá an t‑ardsagart agus thug siad dó an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus a bhailigh na Léivítigh, gardaí na tairsí, ó Mhanaise agus ó Eafráim, agus ó iarmhar uile Iosrael agus ó Iúdá agus ó Bhiniáimin go léir, agus ó áitritheoirí Iarúsailéim.

10. Thug siad é do shaoistí na n‑oibreacha a bhain le Teampall an Tiarna agus d'úsáid saoistí oibreacha an Teampaill é leis an Teampall a chóiriú agus a dheisiú.

11. Thug siad é do na saoir adhmaid agus chloiche le cloch ghearrtha a cheannach, agus adhmad do chúplaí agus do chearchaillí na bhfoirgneamh ar lig ríthe Iúdá dóibh titim ar lár.

12. Rinne na fir a gcuid oibre go dílis; cuireadh i gceannas orthu: Iachat agus Obaidiá, Léivítigh de chlann Mharáraí; agus Zacairiá agus Misiulám, de chlann Chohát, mar mhaoir ar an obair; agus Léivítigh a raibh gach duine díobh oilte ar an gceol liotúirgeach;

13. a thuilleadh a bhí i gceannas an lucht iompair; a thuilleadh a thug treoracha do shaoistí oibreacha na mbeartas ar leith; agus roinnt Léivíteach a bhí mar scríobhaithe, mar chléirigh, agus mar lucht faire ar na geataí.

14. Nuair a bhí an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna á thógáil amach acu, fuair Hilcíá an t‑ardsagart leabhar dhlí an Tiarna a tugadh trí Mhaois.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 34