Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 34:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Ióisíá ocht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé bliain agus tríocha i réim in Iarúsailéim.

2. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.

3. San ochtú bliain dá réimeas, agus é fós ina ógánach, chrom sé ar Dhia Dháiví, a shinsear, a lorg, agus sa dara bliain déag chrom sé na hardionaid, na cuaillí naofa, agus na híola de mhiotal leáite, a scriosadh as Iúdá agus as Iarúsailéim.

4. Scartáladh altóirí na mBálaím ina fhianaise; leag sé anuas na haltóirí túise a bhí os a gcionn, agus rinne sé smidiríní de na cuaillí naofa, de na híomhánna greanta, agus de na híola de mhiotal leáite; rinne sé luaithreach díobh agus leath sé an luaithreach sin ar uaigheanna na ndaoine a rinne íobairt dóibh.

5. Loisc sé cnámha a sagart ar na haltóirí agus ar an gcuma sin ghlan sé Iúdá agus Iarúsailéim.

6. Rinne sé amhlaidh chomh maith i gcathracha Mhanaise, Eafráim agus Shimeon, agus fiú i Naftáilí, agus sna dúichí bánaithe máguaird.

7. Bhris sé na haltóirí agus na cuaillí naofa, rinne luaithreach de na híola, agus scartáil na haltóirí túise ar fud thír Iosrael. Ansin d'fhill sé ar Iarúsailéim.

8. San ochtú bliain déag dá réimeas, d'fhonn an tír agus an Teampall a ghlanadh, chuir sé Seáfán mac Azailiá, agus Másaeiá rialtóir na cathrach, agus Ioach mac Ioachaz an callaire, le Teampall an Tiarna a Dhia a ghlanadh.

9. Chuaigh siadsan go Hilcíá an t‑ardsagart agus thug siad dó an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna, agus a bhailigh na Léivítigh, gardaí na tairsí, ó Mhanaise agus ó Eafráim, agus ó iarmhar uile Iosrael agus ó Iúdá agus ó Bhiniáimin go léir, agus ó áitritheoirí Iarúsailéim.

10. Thug siad é do shaoistí na n‑oibreacha a bhain le Teampall an Tiarna agus d'úsáid saoistí oibreacha an Teampaill é leis an Teampall a chóiriú agus a dheisiú.

11. Thug siad é do na saoir adhmaid agus chloiche le cloch ghearrtha a cheannach, agus adhmad do chúplaí agus do chearchaillí na bhfoirgneamh ar lig ríthe Iúdá dóibh titim ar lár.

12. Rinne na fir a gcuid oibre go dílis; cuireadh i gceannas orthu: Iachat agus Obaidiá, Léivítigh de chlann Mharáraí; agus Zacairiá agus Misiulám, de chlann Chohát, mar mhaoir ar an obair; agus Léivítigh a raibh gach duine díobh oilte ar an gceol liotúirgeach;

13. a thuilleadh a bhí i gceannas an lucht iompair; a thuilleadh a thug treoracha do shaoistí oibreacha na mbeartas ar leith; agus roinnt Léivíteach a bhí mar scríobhaithe, mar chléirigh, agus mar lucht faire ar na geataí.

14. Nuair a bhí an t‑airgead a tugadh go Teampall an Tiarna á thógáil amach acu, fuair Hilcíá an t‑ardsagart leabhar dhlí an Tiarna a tugadh trí Mhaois.

15. Ansin dúirt Hilcíá le Seáfán an rúnaí: “Fuair mé leabhar an dlí i dTeampall an Tiarna,” agus thug Hilcíá an leabhar do Sheáfán.

16. Thug Seáfán an leabhar go dtí an rí agus seo mar d'aithris sé dó: “Tá na beartais go léir a leag tú ar do shearbhóntaí á gcur i gcrích acu.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 34