Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Peacaí Mhanaise

1. Bhí Manaise dhá bhliain déag d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé cúig bliana agus caoga i réim in Iarúsailéim.

2. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus rinne sé aithris ar na nósanna náireacha a chleacht na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.

3. Thóg sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do na Bálaím, agus rinne cuaillí naofa, agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh.

4. Thóg sé altóirí i dTeampall an Tiarna a ndúirt an Tiarna faoi: “Beidh m'ainm in Iarúsailéim go brách.”

5. Thog sé altóirí do shluaite uile na spéire i dhá chúirt Theampall an Tiarna.

6. Chuir sé iallach ar a chlann mhac gabháil tríd an tine i nGleann Bhein Hionom. Chleacht sé fáistineoireacht, draíocht agus piseoga, agus phléigh sé le lucht asarlaíochta agus feasa. Rinne sé a lán eile oilc i bhfianaise an Tiarna, á ghriogadh chun feirge.

7. An íomhá ghreanta d'íol a rinne sé, chuir sé suas í sa Teampall a ndúirt an Tiarna le Dáiví agus le Solamh a mhac faoi: “Sa Teampall seo, agus in Iarúsailéim, an chathair a thogh mé as treibheanna Iosrael go léir, is ea a thabharfaidh mé áit lonnaithe do m'ainm go brách.

8. Ní thabharfaidh mé a thuilleadh ar chosa Iosrael dul ar fán ón tír a thug mé dá sinsir, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh siad gach ar ordaigh mé dóibh de réir an dlí go léir, na reachtanna agus na bhforálacha, a thug mé trí Mhaois.”

9. Mheall Manaise Iúdá agus áitritheoirí Iarúsailéim le níos mó oilc a dhéanamh ná na náisiúin a scrios an Tiarna roimh chlann Iosrael.

10. Labhair an Tiarna le Manaise agus lena phobal, ach níor thug siad aird air.

Aithrí Mhanaise

11. Chuir an Tiarna taoisigh airm rí na hAsaíre ina gcoinne agus ghabh siad Manaise le duáin, agus chuir geimhle cré-umha air agus thug siad leo go dtí an Bhablóin é.

12. Nuair a bhí sé i gcruachás d'impigh sé ar an Tiarna a Dhia a bheith cineálta leis agus d'umhlaigh sé é féin i láthair Dhia a shinsear.

13. Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus d'éist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna.

14. Thóg sé balla seachtrach ansin do chathair Dháiví sa ghleann laistiar de Ghíohón, ar aghaidh go dtí Geata an Éisc; ghabh sé timpeall an Oifil, agus chuir sé go mór lena airde. Cheap sé freisin ceannairí airm i ngach cathair dhaingean de chuid Iúdá.

15. Ansin thóg sé chun siúil na déithe iasachta agus an t‑íol ó Theampall an Tiarna, agus na haltóirí go léir a thóg sé ar shliabh Theampall an Tiarna agus in Iarúsailéim, agus chaith amach as an gcathair iad.

16. D'atóg sé altóir an Tiarna agus d'ofráil sé íobairtí síochána agus buíochais uirthi, agus d'ordaigh sé do Iúdá seirbhís a dhéanamh don Tiarna, Dia Iosrael.

17. Lean na daoine orthu ag íobairt ar na hardionaid, ámh, ach don Tiarna a nDia amháin.

18. An chuid eile de stair Mhanaise, a urnaí chun a Dhé, agus focail na bhfísithe a labhraíodh leis in ainm an Tiarna, Dia Iosrael, tá siad le fáil in Annála Ríthe Iosrael.

19. A urnaí, conas mar a ghéill Dia dá urnaí, a pheacaí agus a mhídhílse, na láithreacha inar thóg sé ardionaid, agus inar chuir sé cuaillí naofa agus íola ina seasamh, sular umhlaigh sé é féin, tá sin uile scríofa in Annála [na bhFísithe].

20. Ansin chuaigh Manaise chun suain lena shinsir, agus d'adhlacadar ina phálás é, agus tháinig a mhac Ámón i gcoróin ina áit.

Ámón an Oilc

21. Bhí Ámón dhá bhliain agus fiche d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé dhá bhliain i gcoróin in Iarúsailéim.

22. Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna faoi mar a rinne Manaise a athair. D'ofráil sé íobairtí agus ómós do na híola go léir a rinne Manaise a athair.

23. Níor umhlaigh sé i láthair an Tiarna, mar a d'umhlaigh Manaise a athair, ach bá é an tÁmón céanna seo a chuir chomh mór sin le ciontacht [Iúdá].

24. Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh agus mharaigh siad é ina theach.

25. Ach rinne muintir na tuaithe iad siúd a rinne comhcheilg in aghaidh an rí, Ámón, a chur chun báis agus d'fhógair siad a mhac Ióisíá ina rí ina áit.