Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 31:18-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Cuireadh eagar freisin ar chlann uile na sagart, a mná, a mic, agus a n‑iníonacha, ar mhaithe leis an gcomhthionól ar fad, mar bhí sé de dhualgas orthu iad féin a naomhú go dílis trí mheán na nithe naofa.

19. Maidir leis na sagairt, clann Árón, a bhí ag cur fúthu sna tailte coimín a bhain lena gcathracha, nó sna cathracha féin, ceapadh daoine ar leith ó ainm d'fhonn a gcuid a thabhairt do gach fear de na sagairt agus do gach duine de na Léivítigh a cláraíodh.

20. Chuir Hiziciá na socruithe sin i bhfeidhm ar fud Iúdá. Rinne sé an ceart agus an mhaith agus an beart dílis i súile an Tiarna, a Dhia.

21. Gach saothar a thóg sé idir lámha i seirbhís Theampall Dé maidir le dlí nó aitheanta, chuir sé i ngníomh é, agus a chroí dírithe ar Dhia, agus d'éirigh leis.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 31