16. Ina theannta sin eagraíodh de réir fine, na fir go léir [deich mbliana fichead] nó os a chionn, a théadh go Teampall an Tiarna ar uanaíocht lae, leis na dualgais liotúirgeacha a bhain lena n‑ord a chur i ngíomh.
17. Eagraíodh na sagairt freisin de réir finí; agus na Léivítigh fiche bliain agus os a chionn de réir a ndualgas agus a n‑ord.
18. Cuireadh eagar freisin ar chlann uile na sagart, a mná, a mic, agus a n‑iníonacha, ar mhaithe leis an gcomhthionól ar fad, mar bhí sé de dhualgas orthu iad féin a naomhú go dílis trí mheán na nithe naofa.
19. Maidir leis na sagairt, clann Árón, a bhí ag cur fúthu sna tailte coimín a bhain lena gcathracha, nó sna cathracha féin, ceapadh daoine ar leith ó ainm d'fhonn a gcuid a thabhairt do gach fear de na sagairt agus do gach duine de na Léivítigh a cláraíodh.
20. Chuir Hiziciá na socruithe sin i bhfeidhm ar fud Iúdá. Rinne sé an ceart agus an mhaith agus an beart dílis i súile an Tiarna, a Dhia.