Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 30:3-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. mar nárbh fhéidir í a cheiliúradh an tráth ceart mar nár naomhaigh go leor sagart iad féin agus nár chruinnigh an pobal in Iarúsailéim.

4. D'aontaigh an rí agus an comhthionól go léir leis an socrú sin.

5. Cinneadh ar fhógra a dhéanamh ar fud Iosrael ó Bhéar Seaba go Dán, ag glaoch ar an bpobal teacht go Iarúsailéim le Cáisc a chomóradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael, mar is beag a lean na treoracha a bhí leagtha síos.

6. D'imigh teachtairí ó Iarúsailéim le litreacha ó lámha an rí agus a fheidhmeannach ó cheann ceann Iosrael agus Iúdá. Bhí orduithe acu ón rí á rá: “A chlann Iosrael, filligí ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Íosác, agus Iosrael, d'fhonn go gcasfadh sé arís ar an iarmhar díbh a d'éalaigh ó láimh ríthe na hAsaíre.

7. Ná bígí ar aon dul le bhur sinsir, agus bhur ngaolta, nach raibh dílis don Tiarna, Dia a n‑aithreacha, i dtreo go ndearna sé scrios orthu, mar a fheiceann sibh.

8. Ná bígí stuacach anois mar a bhí bhur sinsir; géilligí don Tiarna, agus tagaigí chun a shanctóra, an sanctóir a choisric sé go síoraí; déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia le go gcasfaidh fraoch a fheirge uaibh.

9. Má fhilleann sibh ar an Tiarna gheobhaidh bhur ngaolta agus bhur gclann fabhar i láthair lucht a ngafa agus fillfidh siad ar an tír seo. Óir is grámhar trócaireach é an Tiarna bhur nDia; má fhilleann sibh air ní iompóidh sé a ghnúis uaibh.”

10. Ghabh na teachtairí ó chathair go cathair, trí thír Eafráim agus Mhanaise agus ar aghaidh go Zabúlun; ach bhíothas ag magadh agus ag déanamh fonóide fúthu,

11. ach go raibh sé d'umhlaíocht i mbeagán ó Áiséar, ó Mhanaise agus ó Zabúlun, teacht go Iarúsailéim.

12. Ach bhí lámh Dé ghníomhach in Iúdá, á dtabhairt ar aon chroí le hordú an rí agus a fheidhmeannach a chomhlíonadh, mar a bhí ordaithe ag briathar an Tiarna.

13. Tháinig slua mór le chéile in Iarúsailéim le féile an aráin gan ghabháile a cheiliúradh sa dara mí.

14. Chuir comhthionól mór chun oibre ag tógáil na n‑altóirí a bhí in Iarúsailéim agus na n‑altóirí dóite túise go léir agus á gcaitheamh isteach i nGleann Chidreon.

15. Mharaigh siad an t‑uan Cásca ar an gceathrú lá déag den dara mí. Cuireadh náire ar na sagairt agus ar na Léivítigh, agus naomhaigh siad iad féin agus bhí ar a gcumas íobairtí dóite a thabhairt isteach i dTeampall an Tiarna.

16. Chuaigh siad sna hionaid a bhí ceaptha dóibh de réir dlí Mhaois, giolla Dé. Dhoirt na sagairt an fhuil a fuair siad ó lámha na Léivíteach,

17. mar bhí a lán sa chomhthionól nár naomhaigh iad féin. Cuireadh mar chúram ar na Léivítigh an t‑uan Cásca a mharú do gach duine nach raibh glan go leor chun an t‑íobartach a choisreacan don Tiarna.

18. Mar a tharla, níor naomhaigh formhór na ndaoine iad féin, a lán ó Eafráim, ó Mhanaise, ó Íosácár agus ó Zabúlun. D'ith siad an Cháisc gan na rialacha a bhí leagtha síos a chomhlíonadh. Ach rinne Hiziciá idirghuí ar a son, á rá: “Go maithe an Tiarna, le barr maitheasa, a choir d'aon duine

19. a dhíríonn a chroí ar Dhia, an Tiarna, Dia a shinsear, a thóraíocht, fág go bhfuil an naofacht a éilítear don sanctóir in easnamh air.”

20. Thug an Tiarna cluas do Hiziciá agus thug sé an pobal slán.

21. Rinne na hIosraelaigh in Iarúsailéim féile an aráin gan ghabháile a cheiliúradh ar feadh seacht lá le barr lúcháire; bhí na Léivítigh agus na sagairt ag moladh an Tiarna de lá agus d'oíche ar a gcroídhícheall.

22. Thug briathra Hiziciá misneach do na Léivítigh go léir agus thaispeáin siadsan a oilte a bhí siad i seirbhís an Tiarna, agus ar feadh seacht lá d'ith siad a gcuid den fhéile agus d'ofráil siad íobairtí comaoineach le moladh don Tiarna, Dia a sinsear.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 30