Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 30:14-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Chuir comhthionól mór chun oibre ag tógáil na n‑altóirí a bhí in Iarúsailéim agus na n‑altóirí dóite túise go léir agus á gcaitheamh isteach i nGleann Chidreon.

15. Mharaigh siad an t‑uan Cásca ar an gceathrú lá déag den dara mí. Cuireadh náire ar na sagairt agus ar na Léivítigh, agus naomhaigh siad iad féin agus bhí ar a gcumas íobairtí dóite a thabhairt isteach i dTeampall an Tiarna.

16. Chuaigh siad sna hionaid a bhí ceaptha dóibh de réir dlí Mhaois, giolla Dé. Dhoirt na sagairt an fhuil a fuair siad ó lámha na Léivíteach,

17. mar bhí a lán sa chomhthionól nár naomhaigh iad féin. Cuireadh mar chúram ar na Léivítigh an t‑uan Cásca a mharú do gach duine nach raibh glan go leor chun an t‑íobartach a choisreacan don Tiarna.

18. Mar a tharla, níor naomhaigh formhór na ndaoine iad féin, a lán ó Eafráim, ó Mhanaise, ó Íosácár agus ó Zabúlun. D'ith siad an Cháisc gan na rialacha a bhí leagtha síos a chomhlíonadh. Ach rinne Hiziciá idirghuí ar a son, á rá: “Go maithe an Tiarna, le barr maitheasa, a choir d'aon duine

19. a dhíríonn a chroí ar Dhia, an Tiarna, Dia a shinsear, a thóraíocht, fág go bhfuil an naofacht a éilítear don sanctóir in easnamh air.”

20. Thug an Tiarna cluas do Hiziciá agus thug sé an pobal slán.

21. Rinne na hIosraelaigh in Iarúsailéim féile an aráin gan ghabháile a cheiliúradh ar feadh seacht lá le barr lúcháire; bhí na Léivítigh agus na sagairt ag moladh an Tiarna de lá agus d'oíche ar a gcroídhícheall.

22. Thug briathra Hiziciá misneach do na Léivítigh go léir agus thaispeáin siadsan a oilte a bhí siad i seirbhís an Tiarna, agus ar feadh seacht lá d'ith siad a gcuid den fhéile agus d'ofráil siad íobairtí comaoineach le moladh don Tiarna, Dia a sinsear.

23. Ansin bheartaigh an comhthionól go léir le chéile an fhéile a cheiliúradh ar feadh seacht lá eile, agus rinneadar seacht lá lúcháire díobh.

24. Óir thug Hiziciá rí Iúdá míle tarbh agus seacht míle caora mar íobairtí don chomhthionól, agus thug na feidhmeannaigh míle tarbh agus deich míle caora don chomhthionól. Agus naomhaigh na sagairt iad féin ina sluaite.

25. Rinne tionól uile Iúdá lúcháir, idir shagairt agus Léivítigh, agus an tóstal go léir a tháinig ó Iosrael, na teifigh ó Iosrael agus iad siúd a raibh cónaí orthu i Iúdá.

26. Bhí ardáthas ar dhaoine in Iarúsailéim mar ó aimsir Sholaimh, mac Dháiví rí Iosrael, ní raibh a leithéid in Iarúsailéim.

27. D'éirigh na sagairt agus na Léivítigh ina seasamh ansin agus bheannaíodar an pobal. Éisteadh lena nglór agus chuaigh a n‑urnaí suas chun a áitribh naofa ar neamh.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 30