Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 30:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuir Hiziciá scéala go Iosrael agus go Iúdá go léir, agus scríobh sé litreacha go Eafráim agus Manaise, á iarraidh orthu teacht go Teampall an Tiarna in Iarúsailéim le Cáisc a cheiliúradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael.

2. Bhí sé beartaithe ag an rí agus ag a thaoisigh agus ag an gcomhthionól go léir in Iarúsailéim an Cháisc a cheiliúradh sa dara mí,

3. mar nárbh fhéidir í a cheiliúradh an tráth ceart mar nár naomhaigh go leor sagart iad féin agus nár chruinnigh an pobal in Iarúsailéim.

4. D'aontaigh an rí agus an comhthionól go léir leis an socrú sin.

5. Cinneadh ar fhógra a dhéanamh ar fud Iosrael ó Bhéar Seaba go Dán, ag glaoch ar an bpobal teacht go Iarúsailéim le Cáisc a chomóradh in onóir an Tiarna, Dia Iosrael, mar is beag a lean na treoracha a bhí leagtha síos.

6. D'imigh teachtairí ó Iarúsailéim le litreacha ó lámha an rí agus a fheidhmeannach ó cheann ceann Iosrael agus Iúdá. Bhí orduithe acu ón rí á rá: “A chlann Iosrael, filligí ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Íosác, agus Iosrael, d'fhonn go gcasfadh sé arís ar an iarmhar díbh a d'éalaigh ó láimh ríthe na hAsaíre.

7. Ná bígí ar aon dul le bhur sinsir, agus bhur ngaolta, nach raibh dílis don Tiarna, Dia a n‑aithreacha, i dtreo go ndearna sé scrios orthu, mar a fheiceann sibh.

8. Ná bígí stuacach anois mar a bhí bhur sinsir; géilligí don Tiarna, agus tagaigí chun a shanctóra, an sanctóir a choisric sé go síoraí; déanaigí seirbhís don Tiarna bhur nDia le go gcasfaidh fraoch a fheirge uaibh.

9. Má fhilleann sibh ar an Tiarna gheobhaidh bhur ngaolta agus bhur gclann fabhar i láthair lucht a ngafa agus fillfidh siad ar an tír seo. Óir is grámhar trócaireach é an Tiarna bhur nDia; má fhilleann sibh air ní iompóidh sé a ghnúis uaibh.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 30