Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 3:6-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Mhaisigh sé an halla le clocha luachmhara an-áille. Ór Parváím an t‑ór.

7. Rinne sé an halla go léir - na fraitheacha, na tairseacha, na ballaí, agus na doirse - a chumhdach leis an ór. Ghrean sé ceiribíní ar na ballaí.

8. Ansin thóg sé an áit shárnaofa; bhí sé fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an halla mhóir, agus fiche banlámh ar leithead. Rinne sé é a chumhdach le sé chéad tallann d'ór fíre.

9. Mheáigh na tairní óir caoga seicil. Chumhdaigh sé na seomraí uachtair freisin le hór.

10. Rinne sé dhá cheiribín de mhiotal saothraithe san áit shárnaofa agus chumhdaigh sé iad le hór.

11. Leath sciatháin na gceiribíní fiche banlámh, cúig bhanlámh i bhfad gach sciatháin díobh, agus aon sciathán amháin de gach ceann díobh ag baint le balla an halla, agus an sciathán eile ag baint le sciathán an cheiribín eile.

12. Cúig bhanlámh i bhfad aon sciathán amháin cheiribín agus é ag baint le balla na halla; an dara sciathán cúig bhanlámh ar fhad agus é ag baint le sciathán an cheiribín eile.

13. Fiche banlámh a shín sciatháin na gceiribíní. Sheas siad ar a gcosa agus a n‑aghaidh ar halla an Teampaill.

14. Rinne sé an fial d'éadach corcra, craorag, dearg, agus de líon mín. Ghrean sé ceiribíní air.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 3