Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 3:3-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Seo iad na tomhais a bhí ag Solamh do thógáil theach Dé: trí fichid banlámh ar fad - banlámh den seanchaighdeán - agus fiche banlámh ar leithead.

4. Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad, ar feadh leithead an Teampaill, agus bhí sé céad agus a fiche banlámh ar airde. Rinne sé é a chumhdach laistigh le hór fíre.

5. Rinne sé an halla mór a líneáil le cufróg agus a chumhdach le hór fíre agus a mhaisiú le pailmeacha agus le slabhraí.

6. Mhaisigh sé an halla le clocha luachmhara an-áille. Ór Parváím an t‑ór.

7. Rinne sé an halla go léir - na fraitheacha, na tairseacha, na ballaí, agus na doirse - a chumhdach leis an ór. Ghrean sé ceiribíní ar na ballaí.

8. Ansin thóg sé an áit shárnaofa; bhí sé fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an halla mhóir, agus fiche banlámh ar leithead. Rinne sé é a chumhdach le sé chéad tallann d'ór fíre.

9. Mheáigh na tairní óir caoga seicil. Chumhdaigh sé na seomraí uachtair freisin le hór.

10. Rinne sé dhá cheiribín de mhiotal saothraithe san áit shárnaofa agus chumhdaigh sé iad le hór.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 3