Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 27:5-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Chuir sé cath ar rí na nAmónach agus chloígh iadsan. Thug na hAmónaigh céad tallann airgid dó an bhliain sin agus deich míle tomhas cruithneachta agus deich míle tomhas eorna. Ba í sin an tsuim nár mhór do na hAmónaigh a dhíol, rud a rinneadar an dara bliain agus an tríú bliain.

6. Chuaigh Iótám i neart mar ghabh sé an cosán díreach i láthair an Tiarna a Dhia.

7. An chuid eile de stair Iótám, a chogaí go léir, agus a bhearta, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Ríthe Iosrael agus Iúdá?

8. Bhí sé cúig bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim.

9. Ansin chuaigh Iótám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é i gcathair Dháiví; tháinig a mhac Áchaz i gcomharbacht air.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 27