Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 27:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Iótám cúig bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé sé bliana déag i réim in Iarúsailéim. Iarúisiá iníon Zádóc ab ainm dá mháthair.

2. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, de réir mar rinne a athair Uiziá roimhe - ach gan dul isteach i sanctóir an Tiarna. Bhí an pobal fós, ámh, ar chosáin na coiriúlachta.

3. Eisean a thóg Geata Uachtarach Theampall an Tiarna agus rinne sé a lán tógála ar bhalla Oifil.

4. Thóg sé cathracha chomh maith ar ardáin Iúdá, agus dúnta agus túir sna foraoiseacha sléibhe.

5. Chuir sé cath ar rí na nAmónach agus chloígh iadsan. Thug na hAmónaigh céad tallann airgid dó an bhliain sin agus deich míle tomhas cruithneachta agus deich míle tomhas eorna. Ba í sin an tsuim nár mhór do na hAmónaigh a dhíol, rud a rinneadar an dara bliain agus an tríú bliain.

6. Chuaigh Iótám i neart mar ghabh sé an cosán díreach i láthair an Tiarna a Dhia.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 27