Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Uiziá

1. Thogh muintir Iúdá go léir Uiziá agus gan é ach sé bliana déag d'aois, agus rinneadar rí de i gcomharbacht ar a athair Amaiziá.

2. Eisean a thóg Éalót agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir.

3. Bhí Uiziá sé bliana déag nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé dhá bhliain caogad i réim in Iarúsailéim. Iacoiliá ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair.

4. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna de réir gach a ndearna a athair Amaiziá.

5. Rinne sé an Tiarna a lorg le dúthracht fad a mhair Zacairiá, duine a bhí dulta chun cinn in eagla Dé. Fad a bhí an Tiarna á thóraíocht aige, chuir Dia an rath air.

6. Ghabh sé amach le cogadh a chur ar na Filistínigh, agus leag sé anuas balla Ghat, agus balla Iaibne, agus balla Aisdeod, agus ansin d'atóg sé cathracha i ndúiche Aisdeod agus i gcríocha na bhFilistíneach.

7. Tháinig Dia i gcabhair air in aghaidh na bhFilistíneach agus in aghaidh na nArabach a raibh cónaí orthu i nGúr Bál, agus in aghaidh na Méúnach.

8. Thug na hAmónaigh cáin d'Uiziá agus leath a cháil go teorainneacha na hÉigipte féin mar gur mhéadaigh go mór ar a neart.

9. Thóg Uiziá túir in Iarúsailéim ag Geata an Chúinne, ag Geata an Ghleanna, agus ag an Uillinn, agus dhaingnigh sé iad.

10. Thóg sé túir san fhásach, agus thochail sé a lán sistéal mar go raibh an oiread sin tréad aige sna hísleáin agus ar an ardchlár; bhí lucht saothraithe talún agus fíniúna aige ar na cnoic agus ar an talamh méith; ba gheal lena chroí an talamh.

11. Bhí arm seasmhach aige freisin, saighdiúirí réidh chun cogaidh, roinnte ina ndíormaí de réir áirimh Ieíéil, scríobhaí, agus Mhásaeiá, clárthóir, agus faoi cheannas Hanainiá, duine de cheannasaithe an rí.

12. Dhá mhíle sé chéad líon iomlán chinn finí na gcuradh calma seo.

13. Faoina gceannas-san bhí arm oilte de thrí chéad agus a seacht míle cúig céad, fórsa tréan cogaidh agus taca láidir don rí in aghaidh a naimhde.

14. Rinne Uiziá sciatha, sleánna, cafairr, lúireacha, boghanna, agus clocha láimhe a sholáthar don arm ar fad.

15. Thóg sé innill in Iarúsailéim, innill a cheap saineolaithe, agus chuir ar na túir agus ar na cúinní iad le saigheada agus clocha móra a dhiúracadh. Leath a cháil i bhfad i gcéin; bhí an neart sin go léir ann mar gur gheall le míorúilt a bhfuair sé de chabhair.

16. Ach de réir mar a tháinig neart ann, bhorr an t‑uabhar ina chroí, rud a mhill é. D'fheall sé ar an Tiarna, a Dhia. Chuaigh sé isteach i halla Theampall an Tiarna le túis a dhó ar altóir na túise.

17. Ach chuaigh Azairiá an sagart isteach ina dhiaidh, le ceithre fichid de shagairt an Tiarna, fir chalma;

18. chuireadar in aghaidh Uiziá rí agus dúradar leis: “Ní hé do ghnósa, a Uiziá, túis a dhó don Tiarna, ach gnó na sagart, clann Árón, daoine atá coisricthe ina chomhairsean. Fág an sanctóir! Rinne tú feall; an ghlóir a thagann ón Tiarna, Dia, ní leat a thuilleadh í.”

19. Tháinig fraoch feirge ar Uiziá, agus an túisteán ina láimh le túis a dhó. Ach fad a bhí an cuthach feirge sin air leis na sagairt bhris lobhra amach ar a éadan i láthair na sagart, i dTeampall an Tiarna ansiúd le hais altóir na túise.

20. D'fhéach Azairiá, an t‑ardsagart, agus na sagairt go léir ina threo agus chonaic siad an lobhra ar a éadan; thiomáineadar amach go tapa é, agus bhí deifir amach air féin, mar gur bhuail an Tiarna é.

21. Bhí Uiziá rí ina lobhar go lá a bháis agus mhair sé i dteach leis féin gan cead isteach aige i dTeampall an Tiarna, de bharr a lobhra. Bhí a mhac Iótám i bhfeighil an rítheaghlaigh agus i gceannas ar phobal na tíre.

22. An chuid eile de stair Uiziá, ó thús deireadh, nach bhfuil sé scríofa ag an bhfáidh Íseáia mac Ámóz.

23. Ansin chuaigh Uiziá chun suain lena shinsir agus chuireadar é i reilig na ríthe, mar dúradar: “Is lobhar é.” Tháinig a mhac Iótám i gcomharbacht air.