Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 25:18-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Chuir Ióáis rí Iosrael scéala ar ais go hAmaiziá rí Iúdá: “Chuir feochadán na Liobáine teachtaireacht go céadar na Liobáine: ‘Tabhair d'iníon le pósadh do mo mhac,’ ach rinne ainmhithe allta na Liobáine an feochadan a shatailt faoina gcosa agus iad ag gabháil thar bráid.

19. Deir tú: ‘Féach ormsa, an té a chloígh Eadóm,’ agus anois tá éirí in airde ort. Bí ag maíomh as do ghaisce ach fan sa bhaile. Cad ab áil leat ag cothú tranglaim a dhéanfadh thú féin agus Iúdá a scriosadh?”

20. Ach ní éisteodh Amaiziá; ba de dheonú Dé é sin d'fhonn iad a thabhairt i lámha a naimhde, mar gur chuaigh siad i muinín déithe Eadóm.

21. Ghluais Ióáis rí Iosrael amach chun catha, agus thug sé féin agus Amaiziá rí Iúdá aghaidh ar a chéile ag Béit Seimis le Iúdá.

22. Bhris Iosrael ar Iúdá agus theith gach duine abhaile.

23. Agus ghabh Ióáis rí Iosrael Amaiziá rí Iúdá, mac Ióáis, mac Achaizíá, ag Béit Seimis agus thug sé leis é go Iarúsailéim; scrios sé balla na cathrach ó Gheata Eafráim go Geata an Chúinne, ceithre chéad banlámh dá fhad.

24. Thug sé leis an t‑airgead agus an t‑ór go léir agus na fearais go léir a bhí le fáil i dTeampall an Tiarna agus Obaed Eadóm mar aon leo, agus cistí phálás an rí agus gialla chomh maith; ansin d'fhill ar an tSamáir.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 25