Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 25:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Amaiziá cúig bliana fichead d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé naoi mbliana fichead i réim in Iarúsailéim. Iahóadán ó Iarúsailéim ab ainm dá mháthair.

2. Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna, ach níor le croí gan locht é.

3. A luaithe a bhí greim daingean aige ar a ríocht, chuir sé chun báis na feidhmeannaigh úd a mharaigh a athair, an rí.

4. Ach níor chuir sé a gclann chun báis de réir mar atá scríofa i leabhar dhlí Mhaois mar ar ordaigh an Tiarna: “Níl aithreacha le cur chun báis ar son mac ná mic ar son aithreacha; ní foláir gach duine a chur chun báis ar son a pheaca féin.”

5. Ansin chruinnigh Amaiziá fir Iúdá le chéile agus d'eagraigh sé iad ina bhfiní, faoi cheannas ceannairí míle agus ceannairí céad do Iúdá agus do Bhiniáimin go léir. Rinne sé daonáireamh ar an muintir a bhí fiche bliain d'aois nó os a chionn, agus fuair amach go raibh trí chéad míle fear tofa, réidh chun cogaidh, oilte ar shleá agus ar sciath.

6. D'fhostaigh sé freisin céad míle laoch gaile ó Iosrael ar chéad tallann airgid.

7. Tháinig an giolla Dé chuige agus dúirt: “Ná lig d'arm Iosrael máirseáil le do chois, a rí, mar níl an Tiarna le hIosrael ná le haon duine ó Eafráim.

8. Óir má thagann siad, is cuma cé chomh calma agus a bheidh tú sa chath, déanfaidh Dia thú a threascairt os comhair do naimhde, mar ag Dia atá cumas cothaithe nó treascartha.”

9. Dúirt Amaiziá leis an ngiolla Dé: “Cad a dhéanfaimid faoin gcéad tallann a thug mé d'arm Iosrael?” D'fhreagair an giolla Dé: “Is féidir don Tiarna i bhfad níos mó ná sin a thabhairt duit.”

10. Ansin scaoil Amaiziá uaidh an t‑arm a tháinig ó Eafráim, agus chuir abhaile iad. Tháinig fearg mhór orthusan le Iúdá agus d'imigh siad leo abhaile agus iad ar deargbhuile.

11. Ach tháinig misneach chuig Amaiziá agus threoraigh sé a shaighdiúirí amach go Gleann an tSalainn, agus scrios sé deich míle fear de mhuintir Shaeír.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 25