8. D'ordaigh an rí dóibh cófra a dhéanamh agus é a chur lasmuigh de gheata Theampall an Tiarna.
9. Fógraíodh ansin ar fud Iúdá agus Iarúsailéim an cháin a leag Maois searbhónta Dé ar Iosrael san fhásach, a thabhairt chun an Tiarna.
10. Tháinig na maithe agus an pobal go léir lena gcánacha le barr lúcháire agus bhíodar á gcaitheamh isteach sa chófra go dtí go raibh deireadh íoctha.
11. Nuair a thugadh na Léivítigh an cófra go dtí oifigigh riartha an rí, agus go bhfeicidís go raibh a lán airgid ann, thagadh rúnaí an rí agus ionadaí an ardsagairt agus d'fholmhaídís an cófra agus bheiridís leo é agus chuiridís ar ais ina áit féin é. Rinne siad amhlaidh lá i ndiaidh an lae agus chruinníodar suim mhór airgid.