agus d'fhágadar ina ndiaidh é, agus é gortaithe go mór. Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh in éiric bhás mhac Iahóideá an sagart agus mharaíodar é ina leaba. Is mar sin a fuair sé bás; agus chuireadar é i gcathair Dháiví ach níor chuireadar é i dtuamaí na ríthe.