Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 24:13-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. A luaithe a bhí tús déanta ag maoir an tsaothair chuaigh an deisiú chun cinn faoina dtreoir. Dheisigh siad Teampall an Tiarna i dtreo go raibh sé chomh maith agus a bhí riamh agus neartaigh siad an foirgneamh.

14. Nuair a bhí deireadh déanta, thug siad an fearasbarr airgid go dtí an rí Iahóideá agus rinneadh leis gréithe do Theampall an Tiarna, soithí don liotúirge agus do na híobairtí uileloiscthe, loingíní túise, agus árais óir agus airgid.Bhí íobairtí uileloiscthe á n‑ofráil gan stad i dTeampall an Tiarna fad a mhair Iahóideá.

15. Ach chuaigh Iahóideá in aois agus i laethanta lána liatha, agus d'éag. Bhí sé céad agus a tríocha bliain nuair a d'éag sé.

16. Rinne siad é a adhlacadh i gcathair Dháiví leis na ríthe mar go ndearna sé seirbhís fhónta do Dhia agus dá Theampall in Iosrael.

17. Tar éis bhás Iahóideá tháinig prionsaí Iúdá le hómós a thabhairt don rí, agus ghlac an rí lena gcomhairle.

18. Thréigeadar Teampall an Tiarna, Dia a sinsear, agus d'adhradar na cuaillí naofa agus na híola. Tháinig fraoch feirge sa mhullach ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim mar gheall ar an gcoir sin.

19. Ach ina dhiaidh sin agus uile chuir [Dia] fáithe chucu chun iad a sheoladh ar ais chun an Tiarna, ach ní éistfidís lena dteachtaireacht siúd, nuair a cháin siad iad.

20. Ansin ghabh spiorad Dé seilbh ar Zacairiá mac Iahóideá an sagart. D'éirigh sé ina sheasamh os comhair an phobail agus dúirt leo: “Seo mar a deir Dia: ‘Cad chuige a sáraíonn sibh aitheanta an Tiarna, agus gur miste sibh é? Tá sibh tar éis an Tiarna a thréigean; tá sibhse do bhur dtréigean aigesan anois.’ ”

21. Rinneadar uisce faoi thalamh ina aghaidh agus ar fholáireamh an rí chlochadar é i gclós Theampall an Tiarna.

22. Ar an gcaoi sin rinne an rí Ióáis dearmad den bhuanghrá a bhí ag Iahóideá athair Zacairiá dó, ach mharaigh sé a mhac. Nuair a bhí seisean ag fáil bháis, dúirt sé: “Go bhfeice an Tiarna é seo agus go mbaine sé díoltas amach!”

23. Faoi cheann bliana chuir arm Arám cogadh ar Ióáis. Tháinig siad fad le Iúdá agus le Iarúsailéim, chuireadar prionsaí an phobail chun báis agus sheoladar an chreach ar ais go dtí rí na Damaisce.

24. Bíodh gur tháinig arm Arám ar bheagán slua, thug an Tiarna arm an-mhór suas dóibh, toisc gur thréigeadarsan an Tiarna, Dia a sinsear. Thugadar an íde a bhí tuillte aige ar Ióáis,

25. agus d'fhágadar ina ndiaidh é, agus é gortaithe go mór. Rinne a fheidhmeannaigh comhcheilg ina aghaidh in éiric bhás mhac Iahóideá an sagart agus mharaíodar é ina leaba. Is mar sin a fuair sé bás; agus chuireadar é i gcathair Dháiví ach níor chuireadar é i dtuamaí na ríthe.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 24