Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 24:10-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Tháinig na maithe agus an pobal go léir lena gcánacha le barr lúcháire agus bhíodar á gcaitheamh isteach sa chófra go dtí go raibh deireadh íoctha.

11. Nuair a thugadh na Léivítigh an cófra go dtí oifigigh riartha an rí, agus go bhfeicidís go raibh a lán airgid ann, thagadh rúnaí an rí agus ionadaí an ardsagairt agus d'fholmhaídís an cófra agus bheiridís leo é agus chuiridís ar ais ina áit féin é. Rinne siad amhlaidh lá i ndiaidh an lae agus chruinníodar suim mhór airgid.

12. Thug an rí agus Iahóideá ar láimh é do na saoistí a bhí i bhfeighil obair Theampall an Tiarna. An lucht tuarastail, na saoir chloiche agus adhmaid, luigh siad le deisiú Theampall an Tiarna. Bhí gaibhne iarainn agus cré-umha freisin ag athchóiriú an Teampaill.

13. A luaithe a bhí tús déanta ag maoir an tsaothair chuaigh an deisiú chun cinn faoina dtreoir. Dheisigh siad Teampall an Tiarna i dtreo go raibh sé chomh maith agus a bhí riamh agus neartaigh siad an foirgneamh.

14. Nuair a bhí deireadh déanta, thug siad an fearasbarr airgid go dtí an rí Iahóideá agus rinneadh leis gréithe do Theampall an Tiarna, soithí don liotúirge agus do na híobairtí uileloiscthe, loingíní túise, agus árais óir agus airgid.Bhí íobairtí uileloiscthe á n‑ofráil gan stad i dTeampall an Tiarna fad a mhair Iahóideá.

15. Ach chuaigh Iahóideá in aois agus i laethanta lána liatha, agus d'éag. Bhí sé céad agus a tríocha bliain nuair a d'éag sé.

16. Rinne siad é a adhlacadh i gcathair Dháiví leis na ríthe mar go ndearna sé seirbhís fhónta do Dhia agus dá Theampall in Iosrael.

17. Tar éis bhás Iahóideá tháinig prionsaí Iúdá le hómós a thabhairt don rí, agus ghlac an rí lena gcomhairle.

18. Thréigeadar Teampall an Tiarna, Dia a sinsear, agus d'adhradar na cuaillí naofa agus na híola. Tháinig fraoch feirge sa mhullach ar Iúdá, agus ar Iarúsailéim mar gheall ar an gcoir sin.

19. Ach ina dhiaidh sin agus uile chuir [Dia] fáithe chucu chun iad a sheoladh ar ais chun an Tiarna, ach ní éistfidís lena dteachtaireacht siúd, nuair a cháin siad iad.

20. Ansin ghabh spiorad Dé seilbh ar Zacairiá mac Iahóideá an sagart. D'éirigh sé ina sheasamh os comhair an phobail agus dúirt leo: “Seo mar a deir Dia: ‘Cad chuige a sáraíonn sibh aitheanta an Tiarna, agus gur miste sibh é? Tá sibh tar éis an Tiarna a thréigean; tá sibhse do bhur dtréigean aigesan anois.’ ”

21. Rinneadar uisce faoi thalamh ina aghaidh agus ar fholáireamh an rí chlochadar é i gclós Theampall an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 24