Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 22:9-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Ansin chuaigh sé sa tóir ar Achaizíá agus fuarthas é agus é i bhfolach sa tSamáir agus tugadh é go Iéahú agus cuireadh chun báis é. Ach rinneadar é a adhlacadh. “Ba mhac le Iahóiseáfát é,” ar siad, “a bhí ag lorg an Tiarna le lánchroí.”Ní raibh aon duine fágtha i dteaghlach Achaizíá cumasach go leor le rialú.

10. Nuair a fuair Atailiá, máthair Achaizíá, amach go raibh a mac tar éis bháis, mharaigh sí an sliocht ríoga ar fad de theaghlach Iúdá ar an toirt.

11. Ach Iahóiseaba, iníon an rí, sciob sí léi Ióáis, mac Achaizíá, faoi rún ó lár na mac rí a bhí á marú; chuir sí é féin agus a bhanaltra i bhfolach i suanlios. Rinne Iahóiseaba, iníon an rí Iahórám, agus bean Iahóideá an sagart (deirfiúr do Achaizíá freisin) é a chur i bhfolach ó Atailiá, i dtreo nár mharaigh sí é.

12. D'fhan sé sé bliana ina dteannta, é i bhfolach i dTeampall an Tiarna agus Atailiá i gceannas na tíre.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 22