Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 20:6-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. agus dúirt: “A Thiarna, a Dhia ár sinsear, nach tusa an Dia a chónaíonn sna flaithis? Nach bhfuil tusa i gceannas ar ríochtaí na gciníocha go léir? Tá a leithéid de chumhacht agus de neart i do lámhasa nach féidir le haon duine cur i do choinne.

7. Nach tusa ár nDia a dhíbir áitritheoirí na tíre seo amach roimh Iosrael do phobal, agus a thug é go brách do shliocht Abrahám, do chara?

8. Chuir siadsan fúthu ann agus thóg siad sanctóir do d'ainm ann,

9. á rá: ‘Má bhuaileann tubaiste sinn - cogadh nó daorbhreith, nó galar, nó gorta - seasfaimid os comhair an Teampaill seo agus os do chomhairse, mar tá d'ainm sa Teampall seo. Agus glaofaimid ort as umar ár n‑aimléise agus tabharfaidh tú cluas agus éisteacht dúinn.’

10. Seo chugainn anois muintir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír; nuair a bhí Iosrael ag teacht amach as an Éigipt níor cheadaigh tú d'Iosrael iad a ionsaí; chas Iosrael i leataobh agus níor scrios siad iad -

11. ach seo mar atá díolaíocht á déanamh acu anois, ag teacht dár dtiomáint amach as na tailte a thug tú dúinn mar oidhreacht.

12. Nach ndéanfaidh tusa, ár nDia, breithiúnas orthu, mar nach bhfuil aon neart ionainn in aghaidh an tslua ábhalmhóir seo atá ag teacht inár gcoinne. Ní eol dúinn cad tá le déanamh againn, ach tá ár n‑aird go léir ortsa!”

13. Bhí Iúdá go léir ina seasamh i láthair an Tiarna, a n‑aosóga, a mná agus a leanaí.

14. Tháinig spiorad an Tiarna i lár an chomhthionóil ar Iachazíéil mac Zacairiá, mac Bhanáiá, mac Ieíéil, mac Mhatainiá an Léivíteach, duine de chlann Ásáf;

15. dúirt sé: “Éistigí, a fheara uile Iúdá, agus sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim, agus tusa a rí Iahóiseáfát! Mar seo a deir an Tiarna libh: ‘Ná bíodh eagla oraibh agus ná cuireadh an mathshlua mór seo drochmhisneach oraibh! Ní libhse an cath seo ach le Dia.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 20