Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 20:3-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Tháinig scéin ar Iahóiseáfát agus chinn sé dul i muinín an Tiarna; d'fhógair sé troscadh ar Iúdá ar fad.

4. Chruinnigh Iúdá le chéile chun cabhair a lorg ar an Tiarna; tháinig siad ó gach cathair i Iúdá ar lorg an Tiarna.

5. Ag an gcomhthionól seo de mhuintir Iúdá agus Iarúsailéim i dTeampall an Tiarna, sheas Iahóiseáfát os comhair na cúirte nua,

6. agus dúirt: “A Thiarna, a Dhia ár sinsear, nach tusa an Dia a chónaíonn sna flaithis? Nach bhfuil tusa i gceannas ar ríochtaí na gciníocha go léir? Tá a leithéid de chumhacht agus de neart i do lámhasa nach féidir le haon duine cur i do choinne.

7. Nach tusa ár nDia a dhíbir áitritheoirí na tíre seo amach roimh Iosrael do phobal, agus a thug é go brách do shliocht Abrahám, do chara?

8. Chuir siadsan fúthu ann agus thóg siad sanctóir do d'ainm ann,

9. á rá: ‘Má bhuaileann tubaiste sinn - cogadh nó daorbhreith, nó galar, nó gorta - seasfaimid os comhair an Teampaill seo agus os do chomhairse, mar tá d'ainm sa Teampall seo. Agus glaofaimid ort as umar ár n‑aimléise agus tabharfaidh tú cluas agus éisteacht dúinn.’

10. Seo chugainn anois muintir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír; nuair a bhí Iosrael ag teacht amach as an Éigipt níor cheadaigh tú d'Iosrael iad a ionsaí; chas Iosrael i leataobh agus níor scrios siad iad -

11. ach seo mar atá díolaíocht á déanamh acu anois, ag teacht dár dtiomáint amach as na tailte a thug tú dúinn mar oidhreacht.

12. Nach ndéanfaidh tusa, ár nDia, breithiúnas orthu, mar nach bhfuil aon neart ionainn in aghaidh an tslua ábhalmhóir seo atá ag teacht inár gcoinne. Ní eol dúinn cad tá le déanamh againn, ach tá ár n‑aird go léir ortsa!”

13. Bhí Iúdá go léir ina seasamh i láthair an Tiarna, a n‑aosóga, a mná agus a leanaí.

14. Tháinig spiorad an Tiarna i lár an chomhthionóil ar Iachazíéil mac Zacairiá, mac Bhanáiá, mac Ieíéil, mac Mhatainiá an Léivíteach, duine de chlann Ásáf;

15. dúirt sé: “Éistigí, a fheara uile Iúdá, agus sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim, agus tusa a rí Iahóiseáfát! Mar seo a deir an Tiarna libh: ‘Ná bíodh eagla oraibh agus ná cuireadh an mathshlua mór seo drochmhisneach oraibh! Ní libhse an cath seo ach le Dia.

16. Cuirigí chun bóthair ina gcoinne amárach! Féach! tá siad ag teacht Ard Zíz aníos agus tiocfaidh sibh orthu i lúib an ghleanna lastoir de fhásach Iarúael.

17. Ní bheidh oraibh troid sa chath seo; téigí chun bhur láithreacha, seasaigí an fód, agus feicigí an bua atá i ndán daoibh ag an Tiarna. A Iúdá agus a Iarúsailéim, ná bíodh scéin ná drochmhisneach oraibh! Gluaisigí amach ina gcoinne amárach agus beidh an Tiarna in bhur dteannta.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 20