25. Tháinig Iahóiseáfát ansin agus a shluaite lena gcreachadh agus fuair siad mórchuid eallaigh agus maoine agus éadaí agus seod; bhailíodar thar mar ab fhéidir leo a bhreith leo; bhí an chreach chomh mór sin go rabhadar trí lá á cruinniú.
26. Ar an gceathrú lá thionóil siad i nGleann na Beannachta mar ar bheannaíodar an Tiarna go dearfa; uime sin atá an t‑ainm Gleann na Beannachta á thabhairt ar an áit go dtí inniu féin.
27. Ansin d'fhill muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir, faoi cheannas Iahóiseáfát, ar ais go Iarúsailéim faoi lúcháir; óir bhí ábhar lúcháire faoina naimhde faighte acu ón Tiarna.
28. Thángadar go Iarúsailéim, agus go Teampall an Tiarna, le ceol cláirsí agus cruite agus stoic;
29. agus tháinig eagla Dé ar ríochtaí uile na dtíortha iasachta nuair a chuala siad conas mar a throid an Tiarna in aghaidh naimhde Iosrael.
30. Bhí ríocht Iahóiseáfát faoi shíocháin mar gur thug a Dhia síocháin dó ar a theorainneacha uile máguaird.
31. Sin mar a bhí ag Iahóiseáfát i gcoróin Iúdá. Bhí sé cúig bliana déag ar fhichid nuair a tháinig sé i gcoróin agus bhí sé cúig bliana fichead i réim in Iarúsailéim. Azúbá iníon Shilchí ab ainm dá mháthair.
32. Lean sé sampla a athar Ásá gach cor den bhóthar ag déanamh an chirt i bhfianaise an Tiarna.
33. Ach níor scriosadh fós na hardionaid, agus ní raibh a gcroí fós dírithe ag an bpobal ar Dhia a sinsear.
34. An chuid eile de stair Iahóiseáfát, ó thús deireadh, nach bhfuil sé scríofa in Annála Iéahú mac Hanáiní atá cóipeáilte i Leabhar Ríthe Iosrael.