Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 20:20-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”

21. Chuaigh sé i gcomhairle leis an bpobal ansin agus chuir sé cantairí an Tiarna, ina n‑éidí beannaithe, ag ceann an tslua lena mholtaí a chanadh, agus á rá: “Molaigí an Tiarna, mar maireann a bhuanghrá de shíor.”

22. Nuair a chrom siad ar a laoithe mórtha agus molta, rinne an Tiarna luíochán ar fhir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír a bhí tagtha chun Iúdá a ionsaí, agus cuireadh an teitheadh orthu.

23. Thug fir Amón agus Mhóáb fogha faoi mhuintir Shliabh Shaeír lena scriosadh faoin mbang, ach ní dhearnadar ach cuidiú le díthiú a chéile, nuair a bhí muintir Shaeír scriosta acu.

24. Nuair a shroich muintir Iúdá an áit óna bhfuil radharc ar an bhfásach agus gur thug siad aghaidh ar an mathshlua, féach, ní raibh ach corpáin gan anam sínte ar an talamh; níor fágadh fear inste scéil.

25. Tháinig Iahóiseáfát ansin agus a shluaite lena gcreachadh agus fuair siad mórchuid eallaigh agus maoine agus éadaí agus seod; bhailíodar thar mar ab fhéidir leo a bhreith leo; bhí an chreach chomh mór sin go rabhadar trí lá á cruinniú.

26. Ar an gceathrú lá thionóil siad i nGleann na Beannachta mar ar bheannaíodar an Tiarna go dearfa; uime sin atá an t‑ainm Gleann na Beannachta á thabhairt ar an áit go dtí inniu féin.

27. Ansin d'fhill muintir Iúdá agus Bhiniáimin go léir, faoi cheannas Iahóiseáfát, ar ais go Iarúsailéim faoi lúcháir; óir bhí ábhar lúcháire faoina naimhde faighte acu ón Tiarna.

28. Thángadar go Iarúsailéim, agus go Teampall an Tiarna, le ceol cláirsí agus cruite agus stoic;

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 20