Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 20:15-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. dúirt sé: “Éistigí, a fheara uile Iúdá, agus sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim, agus tusa a rí Iahóiseáfát! Mar seo a deir an Tiarna libh: ‘Ná bíodh eagla oraibh agus ná cuireadh an mathshlua mór seo drochmhisneach oraibh! Ní libhse an cath seo ach le Dia.

16. Cuirigí chun bóthair ina gcoinne amárach! Féach! tá siad ag teacht Ard Zíz aníos agus tiocfaidh sibh orthu i lúib an ghleanna lastoir de fhásach Iarúael.

17. Ní bheidh oraibh troid sa chath seo; téigí chun bhur láithreacha, seasaigí an fód, agus feicigí an bua atá i ndán daoibh ag an Tiarna. A Iúdá agus a Iarúsailéim, ná bíodh scéin ná drochmhisneach oraibh! Gluaisigí amach ina gcoinne amárach agus beidh an Tiarna in bhur dteannta.’ ”

18. Ansin chrom Iahóiseáfát a cheann agus a aghaidh chun talún agus chaith Iúdá go léir agus áitritheoirí Iarúsailéim iad féin ar a mbéala in ómós don Tiarna.

19. Ansin sheas na Léivítigh, na Cohátaigh agus na Corachaigh, leis an Tiarna, Dia Iosrael, a mholadh, in ard a gcinn agus a ngutha.

20. D'éirigh siad go moch ar maidin agus d'imigh siad leo go fásach Theacóá. Ag cur chun bealaigh dóibh sheas Iahóiseáfát ansiúd agus dúirt: “Éistigí liom a fheara Iúdá, sibhse a chónaíonn in Iarúsailéim! Bíodh muinín agaibh sa Tiarna bhur nDia agus ní baol daoibh. Bíodh muinín agaibh ina fháithe agus beidh an lá libh.”

21. Chuaigh sé i gcomhairle leis an bpobal ansin agus chuir sé cantairí an Tiarna, ina n‑éidí beannaithe, ag ceann an tslua lena mholtaí a chanadh, agus á rá: “Molaigí an Tiarna, mar maireann a bhuanghrá de shíor.”

22. Nuair a chrom siad ar a laoithe mórtha agus molta, rinne an Tiarna luíochán ar fhir Amón agus Mhóáb agus Shliabh Shaeír a bhí tagtha chun Iúdá a ionsaí, agus cuireadh an teitheadh orthu.

23. Thug fir Amón agus Mhóáb fogha faoi mhuintir Shliabh Shaeír lena scriosadh faoin mbang, ach ní dhearnadar ach cuidiú le díthiú a chéile, nuair a bhí muintir Shaeír scriosta acu.

24. Nuair a shroich muintir Iúdá an áit óna bhfuil radharc ar an bhfásach agus gur thug siad aghaidh ar an mathshlua, féach, ní raibh ach corpáin gan anam sínte ar an talamh; níor fágadh fear inste scéil.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 20