Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ullmhú do Thógáil an Teampaill

1. Cheap Solamh seachtó míle fear leis na hualaí a iompar agus ochtó míle fear le clocha a bhaint ar na sléibhte, agus trí mhíle sé chéad le maoirseacht a dhéanamh orthu.

2. Chuir Solamh an teachtaireacht seo go Húrám rí na Tuíre: “Déan liomsa mar a rinne tú le Dáiví m'athair, agus gur sheol tú céadair chuige le teach a thógáil ina gcónódh sé.

3. Táim ag tógáil tí anois d'ainm an Tiarna mo Dhia lena thíolacadh dó le túis spíosraí cumhra a dhó os a chomhair agus le harán an taispeántais a ofráil i gcónaí, agus le híobairtí a loscadh maidin agus tráthnóna, ar na sabóidí agus ar an ré nua, agus ar shollúntais an Tiarna, ár nDia, mar atá ceaptha go deo d'Iosrael.

4. Teach mór a bheidh sa teach atáim a thógáil, mar is mó ár nDia ná na déithe go léir.

5. Ach cé ar féidir leis teach a thógáil dó ón uair nach féidir leis na flaithis, ná flaithis na bhflaitheas, é a chuimsiú? Agus maidir liomsa, cad chuige a dtógfainnse teach dó ach mar áit ina ndófainn túis os a chomhair?

6. Cuir chugam dá bhrí sin fear oilte ar shaothar óir, airgid, cré-umha, iarainn, agus ar éidí corcra, craoraga, agus ar éidí gorma, agus ar cheird an ghreanta chomh maith. Níor mhór dó oibriú le mo cheardaithe oilte anseo in Iarúsailéim agus in Iúdá, an mhuintir a sholáthraigh m'athair Dáiví.

7. Cuir chugam adhmad céadair, cufróige, agus algum ón Liobáin, mar tá fhios agam go bhfuil do shearbhóntaí oilte ar leagan crann sa Liobáin. Déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse.

8. Déanfaidh siad raidhse adhmaid a ullmhú dom, mar is teach ábhalmhór an teach atá le tógáil agam.

9. Tabharfaidh mé fiche míle tomhas de chruithneacht mheilte, fiche míle tomhas eorna, fiche míle tomhas fíona agus fiche míle tomhas ola do do shearbhóntaí i mbun na gcrann a leagan - ar son do shearbhóntaí a [chothú] an méid sin.”

10. D'fhreagair Húrám rí na Tuíre i litir a chuir sé go Solamh: “Le barr grá dá phobal a rinne an Tiarna rí díot ós a gcionn.” Agus lean Húrám air:

11. “Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a rinne neamh agus talamh, a thug mac eagnaí do Dháiví, a bhfuil tuiscint agus ciall aige, agus a thógfaidh teach don Tiarna agus ceann eile dó féin agus dá chúirt.

12. Tá ceardaí oilte á chur agam chugat freisin, Húrám Áibí,

13. mac mná de chuid na nDánach ach fear ón Tuír mar athair aige. Tá sé oilte ar shaothar óir, airgid, cré-umha, iarainn, cloiche, adhmaid, agus ar éidí corcra, gorma, craoraga, agus ar línéadach mín, agus ar gach sórt greanadh a dhéanamh, agus ar aon phatrún a iarrtar air a chur i gcrích. Cuirtear i mbun oibre é le do cheardaithe féin agus le ceardaithe mo thiarna, Dáiví, d'athair.

14. Cuireadh mo thiarna dá bhrí sin an chruithneacht, an eorna, an ola, agus an fíon a luaigh sé, chun a shearbhóntaí.

15. Agus maidir linne, déanfaimid cibé adhmad is gá duit ón Liobáin a ghearradh agus a thabhairt chugat ar cheann téide ar muir go Iopá le gur féidir duit féin é a thabhairt as sin go Iarúsailéim.”

16. Rinne Solamh áireamh ar na daoine deoranta go léir a raibh cónaí orthu i dtír Iosrael de réir an daonáirimh a rinne Dáiví a athair orthu. Ba é an líon a fuarthas ná céad agus caoga trí mhíle sé chéad.

17. Cheap sé seachtó míle díobh le hualaí a iompar, ochtó míle le clocha a bhaint ar na sléibhte, agus trí mhíle sé chéad le maoirseacht a dhéanamh agus a dheimhniú go n‑oibreodh na daoine.