Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 19:7-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Bíodh eagla an Tiarna oraibh anois; tugaigí aire dá mbíonn idir lámha agaibh, mar níl aon bhaint ag an Tiarna ár nDia le calaois ná leathchuma ná le breaba a ghlacadh.”

8. Cheap Iahóiseáfát Léivítigh agus sagairt agus cinn finí Iosraelacha in Iarúsailéim le breith a thabhairt in ainm an Tiarna agus caingne a réiteach. Bhí [a gcúirt acu] in Iarúsailéim,

9. agus thug Iahóiseáfát na treoracha seo leanas dóibh: “Comhlíonaigí bhur ndualgais le heagla an Tiarna, go dílis dúthrachtach.

10. Cibé aighneas a chuirfear faoi bhur mbráid ó bhur mbráithre atá ag cur fúthu ina gcathracha - is cuma an ceist faoi éiric fola é nó faoin dlí, nó faoi aithne nó ordú, nó reacht - ní foláir daoibh iad a theagasc sna cúrsaí sin i dtreo nach mbeidh siad ciontach i láthair an Tiarna, agus nach dtiocfaidh a fhearg oraibh féin agus ar bhur mbráithre. Déanaigí amhlaidh agus ní bheidh sibh ciontach.

11. Beidh Amairiá an t‑ardsagart i gceannas agaibh ar chúraimí an Tiarna go léir, agus Zabaidiá mac Ismeáéil, reachtaire theaghlach Iúdá, i gcúraimí an rí. Beidh na Léivítigh agaibh mar scríobhaithe. Bíodh misneach agaibh agus cuirigí na treoracha sin i gcrích, agus beidh an Tiarna ansiúd leis an rath a chur oraibh.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 19