3. Chuir Acháb rí Iosrael ceist ar Iahóiseáfát rí Iúdá: “An dtiocfaidh tú liom go Rámot Gileád?” D'fhreagair Iahóiseáfát: “Táimse chomh hullamh chun catha leat féin, agus mo mhuintirse le do mhuintirse.”
4. Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: “Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.”
5. Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí,” d'fhiafraigh sé díobh, “nó éirí as?” “Téigh,” ar siad, “mar tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
6. Ach dúirt Iahóiseáfát: “An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?”
7. D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile lenar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh tairngreacht fhónta aige domsa, ach drochchinn i gcónaí; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.