Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 18:3-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Chuir Acháb rí Iosrael ceist ar Iahóiseáfát rí Iúdá: “An dtiocfaidh tú liom go Rámot Gileád?” D'fhreagair Iahóiseáfát: “Táimse chomh hullamh chun catha leat féin, agus mo mhuintirse le do mhuintirse.”

4. Ach dúirt Iahóiseáfát le rí Iosrael: “Faigh ar dtús comhairle an Tiarna.”

5. Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí,” d'fhiafraigh sé díobh, “nó éirí as?” “Téigh,” ar siad, “mar tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”

6. Ach dúirt Iahóiseáfát: “An bhfuil aon fháidh eile leis an Tiarna anseo againn le dul i gcomhairle leis?”

7. D'fhreagair rí Iosrael Iahóiseáfát: “Tá aon duine amháin eile lenar féidir linn comhairle an Tiarna a fháil, ach is gráin liom é mar nach mbíonn riamh tairngreacht fhónta aige domsa, ach drochchinn i gcónaí; Míocáia mac Imleá an duine sin.” “Níor chóir don rí a leithéid sin a rá,” arsa Iahóiseáfát.

8. Chuir rí Iosrael fios ar dhuine de na coillteáin dá bhrí sin agus dúirt: “Tabhair Míocáia mac Imleá chugam gan mhoill.”

9. Bhí rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá ina suí ina ríchathaoireacha ina lánlibhré ag an urlár buailte ag geata na Samáire agus na fáithe go léir ag fáidheoireacht os a gcomhair.

10. Bhí adharca iarainn déanta ag Zidicíá mac Chanáná dó féin. “Seo mar a deir an Tiarna:” ar sé, “ ‘Déanfaidh tú na hAramaeigh a ropadh leo seo go dtí go scriosfaidh tú iad.’ ”

11. Rinne na fáithe go léir an tairngreacht chéanna: “Gluais leat go Rámot Gileád,” ar siad, “agus beir bua. Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”

12. An teachtaire a chuaigh ag triall ar Mhíocáia, dúirt sé leis: “Seo iad na fáithe go léir ag labhairt ar aon fhocal le dea-thuar don rí. Labhairse ar aon dul leo agus déan tairngreacht fhabhrach.”

13. Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh mo Dhia, sin é an briathar a labhróidh mé.”

14. Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluaisigí agus beirigí bua! Tabharfar in bhur lámha iad.”

15. Ach dúirt an rí: “An minic a chaithfidh mé thú a chur faoi bhrí na mionn gan ach an fhírinne a rá liom in ainm an Tiarna?”

16. Ansin labhair Míocáia:“Chonaic mé Iosrael go léir scáinte ar na sléibhtemar chaoirigh gan aoire,agus dúirt an Tiarna: ‘Níl maistir orthu;téadh gach duine abhaile faoi shíocháin.’ ”

17. Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Nár dhúirt mé nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc.”

18. Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar dheis agus ar a chlé.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 18