Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 18:22-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Féach anois, más ea, mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d'fháithe anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d'aghaidh.”

23. Tháinig Zidicíá mac Chanáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill, agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”

24. “Sin rud a gheobhaidh tú amach,” d'fhreagair Míocáia, “an lá a theithfidh tú i seomra cúil le dul i bhfolach.”

25. Dúirt rí Iosrael: “Gabhaigí Míocáia agus tugaigí ar láimh é d'Ámón, rialtóir na cathrach, agus don phrionsa Ióáis,

26. agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpríosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach arán agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”

27. Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)

28. Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád.

29. Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d'éidí rí ortsa.” Chuir rí Iosrael bréagriocht air féin agus chuaigh isteach sa chath.

30. Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad: “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”

31. Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: “Sin é ar ndóigh, rí Iosrael,” agus d'iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát gáir suas, agus tháinig an Tiarna i gcabhair air agus chuir Dia iad dá n‑ionsaí air,

32. agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d'éiríodar as an tóir.

33. Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim, agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach: “Iompaigh timpeall,” arsa an rí lena charbadóir, “agus beir leat as an gcath mé mar táim gonta.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 18