Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 18:21-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. D'fhreagair sé: ‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’

22. Féach anois, más ea, mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d'fháithe anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d'aghaidh.”

23. Tháinig Zidicíá mac Chanáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill, agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”

24. “Sin rud a gheobhaidh tú amach,” d'fhreagair Míocáia, “an lá a theithfidh tú i seomra cúil le dul i bhfolach.”

25. Dúirt rí Iosrael: “Gabhaigí Míocáia agus tugaigí ar láimh é d'Ámón, rialtóir na cathrach, agus don phrionsa Ióáis,

26. agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpríosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach arán agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”

27. Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)

28. Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád.

29. Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d'éidí rí ortsa.” Chuir rí Iosrael bréagriocht air féin agus chuaigh isteach sa chath.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 18