Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 18:18-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar dheis agus ar a chlé.

19. Dúirt an Tiarna: ‘Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?’ Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd.

20. Ansin tháinig spiorad ar aghaidh agus sheas os comhair an Tiarna: ‘Déanfaidh mise é a mhealladh,’ ar sé. ‘Conas?’ arsa an Tiarna.

21. D'fhreagair sé: ‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’

22. Féach anois, más ea, mar a chuir an Tiarna spiorad éithigh i mbéal d'fháithe anseo. Ach tá tubaiste fógartha ag an Tiarna i d'aghaidh.”

23. Tháinig Zidicíá mac Chanáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill, agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”

24. “Sin rud a gheobhaidh tú amach,” d'fhreagair Míocáia, “an lá a theithfidh tú i seomra cúil le dul i bhfolach.”

25. Dúirt rí Iosrael: “Gabhaigí Míocáia agus tugaigí ar láimh é d'Ámón, rialtóir na cathrach, agus don phrionsa Ióáis,

26. agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpríosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach arán agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”

27. Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)

28. Chuaigh rí Iosrael agus Iahóiseáfát rí Iúdá suas in aghaidh Rámot Gileád.

29. Dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Cuirfidh mé bréagriocht orm féin agus mé ag dul sa chath, ach bíodh d'éidí rí ortsa.” Chuir rí Iosrael bréagriocht air féin agus chuaigh isteach sa chath.

30. Thug rí Arám ordú dá cheannairí carbad: “Ná tugaigí fogha faoi aon duine beag ná mór, ach faoi rí Iosrael.”

31. Nuair a chonaic ceannairí na gcarbad Iahóiseáfát dúradar: “Sin é ar ndóigh, rí Iosrael,” agus d'iompaíodar air. Ach chuir Iahóiseáfát gáir suas, agus tháinig an Tiarna i gcabhair air agus chuir Dia iad dá n‑ionsaí air,

32. agus thuig ceannairí na gcarbad nárbh é rí Iosrael é, agus d'éiríodar as an tóir.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 18