Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 17:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig Iahóiseáfát a mhac i gcomharbacht air agus dhaingnigh sé a cheannas ar Iosrael.

2. Chuir sé buíonta saighdiúirí i gcathracha daingne Iúdá go léir, agus cheap sé ceannairí i dtír Iúdá agus sna bailte in Eafráim a ghabh a athair Ásá.

3. Bhí an Tiarna i dteannta Iahóiseáfát mar gur lean sé sampla a athar mar a bhí i dtús a résean, agus ní dheachaigh sé i muinín na mBálaím,

4. chloígh sé le Dia a athar, agus lean a aitheanta in áit sampla Iosrael.

5. Dhaingnigh an Tiarna, dá bhrí sin, an ríocht ina ghreim, agus thug Iúdá go léir cáin do Iahóiseáfát, agus bhí saibhreas agus maoin go flúirseach aige.

6. Bhí misneach ina chroí le siúl i gcosáin an Tiarna agus scrios sé arís na hardionaid agus na cuaillí naofa i Iúdá.

7. Sa tríú bliain dá réimeas chuir sé a fheidhmeannaigh: Bein Haíl, Obaidiá, Zacairiá, Natanael agus Míocáiá le teagasc a thabhairt i gcathracha Iúdá.

8. Ghabh na Léivítigh seo leanas leosan: Seamaiá, Natainiá, Zabaidiá, Asáhael, Simíreámót, Iahónátan, Adoiníá, Tóibíá agus Tób Adóinía. Léivítigh iadsan, agus in éineacht leo bhí na sagairt Eilíseámá agus Iahórám.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 17