Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 16:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa séú bliain tríochad de réimeas Ásá ghabh Báiseá rí Iosrael suas i gcoinne Iúdá agus dhaingnigh sé Rámá d'fhonn léigear a chur ar Ásá rí Iúdá.

2. Thóg Ásá leis ansin an t‑airgead agus an t‑ór ó chistí Theampall an Tiarna agus phálás an rí agus sheol iad go Bein Hadad rí Arám a raibh cónaí air sa Damaisc leis an teachtaireacht:

3. “Bíodh conradh idir mise agus thusa, faoi mar a bhí idir m'athair agus d'athairse. Féach, táim ag cur airgid agus óir chugat. Tar agus bris an conradh atá agat le Báiseá rí Iosrael agus caithfidh sé cúlú ó mo chríocha.”

4. D'aontaigh Bein Hadad agus sheol sé lucht ceannais a airm i gcoinne cathracha Iosrael. Ghabh sé Íón agus Dán agus Abael Máím agus cathracha stóir Naftáilí go léir.

5. Nuair a chuala Báiseá é sin, scor sé de bheith ag daingniú Rámá agus d'éirigh as an ngnó sin.

6. Thionóil Ásá rí Iúdá go léir agus thug siad chun siúil na clocha agus an t‑adhmad lena raibh Báiseá ag tógáil, agus leis an méid sin dhaingnigh sé Geaba agus Mizpeá.

7. Ansin a tháinig Hanáiní an físí go hÁsá rí Iúdá agus dúirt leis: “De bhrí nach raibh muinín agat as an Tiarna do Dhia, ach as rí Arám, sleamhnóidh arm rí Arám as do láimh.

8. Nárbh arm mór le hiliomad carbad agus marcach iad na Cúisigh agus na Libiaigh? Ach de bhrí gur chuir sibh bhur muinín sa Tiarna, nár tugadh ar láimh daoibh iad?

9. Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.”

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 16