Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 14:9-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Chuaigh Ásá amach ina gcoinne agus chuir cóiriú catha ar a shluaite i nGleann Zafátá ag Máraeiseá.

10. Ghlaoigh Ásá chun an Tiarna a Dhia: “A Thiarna,” ar sé, “ní féidir le haon duine ach tusa seasamh leis an lag in aghaidh an láidir. Cabhraigh linn, a Thiarna ár nDia, mar tá muinín againn asat, agus is i d'ainmse atáimid ag dul in aghaidh an tslua seo. A Thiarna, is tú ár nDia; fágadh an duine gach ní fútsa.”

11. Bhris an Tiarna ar na Cúisigh roimh Ásá agus Iúdá, agus theith na Cúisigh.

12. Chuir Ásá agus a lucht leanúna tóir orthu chomh fada le Gearár. Thit na Cúisigh ar lár i dtreo nár fágadh fear inste scéil mar treascraíodh iad roimh an Tiarna agus a shlua. Chruinníodar a lán creiche,

13. agus chloíodar na cathracha go léir timpeall ar Ghearár mar bhí eagla an Tiarna orthusan. Chreach siad iad go léir mar bhí a lán éadála iontu.

14. D'ionsaíodar freisin bothanna lucht an eallaigh agus thugadar leo raidhse caorach agus camall; agus ansin d'fhilleadar ar Iarúsailéim.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 14