Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 14:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rinne Ásá an ceart agus an chóir i bhfianaise an Tiarna a Dhia.

2. Chuir sé deireadh leis na haltóirí deoranta agus leis na hardionaid, leag sé anuas na colúin agus ghearr anuas na cuaillí naofa,

3. agus d'áitigh sé ar Iúdá an Tiarna a nDia a thóraíocht agus idir dhlí agus aithne a chomhlíonadh.

4. Dhíbir sé na hardionaid agus na haltóirí túise as gach cathair in Iúdá. Bhí síocháin sa ríocht faoina réim.

5. D'atóg sé cathracha daingne Iúdá, mar bhí an tír faoi shíocháin gan aon chogadh na blianta sin mar dheonaigh an Tiarna síocháin dó.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 14