Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 13:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh.

9. Nár dhíbir sibh sagairt an Tiarna, sliocht Árón agus na Léivítigh, d'fhonn sagairt a dhéanamh daoibh féin dála muintir thíortha eile? Aon duine a thagann le tarbh agus le seacht reithe le hé féin a choisreacan, déantar sagart de do dhia nach dia ar bith!

10. Maidir linne, is é an Tiarna ár nDia agus ní dhearnamar é a thréigean; tá sagairt againn ag fónamh don Tiarna; clann Árón iad agus is Léivítigh an lucht freastail.

11. Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é.

12. Féach, tá an Tiarna linn, ar ár dtosach againn; féach a shagairt leis na stoic ar tí iad a shéideadh leis an ngáir chatha a chur suas i bhur n‑aghaidh. A chlann Iosrael, ná troidigí in aghaidh an Tiarna, Dia ár sinsear, mar ní rithfidh libh.”

13. Chuir Iarobám buíon i luíochán timpeall laistiar le hiad a ionsaí i leith a gcúil; bhí a shluaite ar bhéala Iúdá dá bhrí sin agus an luíochán ar a gcúla.

14. D'fheach Iúdá ina dtimpeall agus chonaic siad lucht ionsaithe rompu amach agus ina ndiaidh. Ghlaoigh siad ar an Tiarna agus shéid na sagairt na stoic.

15. Chuir sluaite Iúdá a ngáir chatha suas, agus nuair a rinne siad amhlaidh, bhris an Tiarna ar Iarobám agus ar Iosrael go léir roimh Aibíá agus Iúdá.

16. Theith clann Iosrael roimh Iúdá agus thug Dia ar láimh dóibh iad.

17. Rinne Aibíá agus a shluaite ár agus eirleach orthu; thit cúig céad míle d'fhir thofa Iosrael marbh ar pháirc an áir.

18. Cloíodh clann Iosrael an uair sin agus bhí an lá le Iúdá ar an gcuma sin mar go raibh muinín acu as an Tiarna, Dia a sinsear.

19. Chuaigh Aibíá sa tóir ar Iarobám agus ghabh cathracha áirithe uaidh, Béitéil lena shráidbhailte, Iseáná lena shráidbhailte, agus Eafrón lena shráidbhailte.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 13