Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 13:4-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Sheas Aibíá ar Shliabh Zamáraím in ardáin Eafráim.

5. “A Iarobám agus a Iosrael go léir,” ar sé, “nach bhfuil a fhios agaibh gur thug an Tiarna flaitheas Iosrael do Dháiví agus dá shliocht go brách trí chonradh dosháraithe?

6. Ach dá ainneoin sin rinne Iarobám mac Nabát, searbhónta do Sholamh mac Dháiví, ceannairc in aghaidh a mháistir.

7. Bhailigh scraistí áirithe gan mhaith ina thimpeall, agus thugadar a ndúshlan faoi Rachabám mac Sholaimh agus Rachabám fós óg gan mhisneach agus gan ar a chumas cur ina gcoinne.

8. Tá sibh ag caint anois ar chur in aghaidh fhlaitheas an Tiarna atá i seilbh shliocht Dháiví de bhrí go bhfuil mathshlua mór díbh ansin le bhur laonna óir a rinne Iarobám le bheith mar dhéithe agaibh.

9. Nár dhíbir sibh sagairt an Tiarna, sliocht Árón agus na Léivítigh, d'fhonn sagairt a dhéanamh daoibh féin dála muintir thíortha eile? Aon duine a thagann le tarbh agus le seacht reithe le hé féin a choisreacan, déantar sagart de do dhia nach dia ar bith!

10. Maidir linne, is é an Tiarna ár nDia agus ní dhearnamar é a thréigean; tá sagairt againn ag fónamh don Tiarna; clann Árón iad agus is Léivítigh an lucht freastail.

11. Déanann siad íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna ár nDia gach maidin agus tráthnóna, le túis na spíosraí cumhra; leagann siad amach arán na láithreachta ar an mbord naofa, agus déanann siad cúram den choinnleoir óir le go mbeadh a lóchrann ar lasadh gach tráthnóna. Óir déanaimidne liotúirge an Tiarna ár nDia a chomhlíonadh, ach thréig sibhse é.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 13