Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 11:11-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Dhaingnigh sé na dúnta agus chuir ceannasaithe iontu agus stórais bhia agus ola agus fíona.

12. Chuir sé sciatha agus gathanna sna cathracha go léir agus neartaigh sé go mór iad le Iúdá agus Biniáimin a choimeád faoi smacht.

13. D'fhág na sagairt agus na Léivítigh go léir na háiteanna ina raibh siad ar fud Iosrael agus thángadar chun cónaithe in aice leis.

14. Thréig na Léivítigh a dtailte féaraigh agus a ngabháltais agus tháinig siad go Iúdá agus Iarúsailéim, mar dhíbir Iarobám agus a mhic iad as sagartacht an Tiarna,

15. agus cheap sé a shagairt féin do na hardionaid, do na bocánaigh, agus do na laonna a rinne sé.

16. Baill de threibheanna Iosrael, daoine a bhí tíolactha ar fad do sheirbhís an Tiarna Dia Iosrael, lean siad iad agus tháinig siad go Iarúsailéim le híobairt a dhéanamh don Tiarna, Dia a sinsear.

17. Chuireadarsan le neart ríocht Iúdá agus bhí siad ina dtaca ag Rachabám mac Sholaimh ar feadh trí bliana, mar lean sé sampla Dháiví agus Sholaimh ar feadh trí bliana.

18. Ghlac Rachabám mar chéile, Machalat, iníon Irímiot mac Dháiví, agus Aibiochaíl iníon Eilíáb mac Ieise.

19. Rug sí clann mhac dó: Ieúis, Seamairiá agus Záham.

20. Ina diaidh sin ghlac sé Mácá iníon Aibseálóm mar chéile agus rug sí Aibíá, Atai, Zízeá, agus Sealomaít.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 11