1. Ghabh Rachabám suas go Iarúsailéim agus chuir sé tionól ar theaghlach Iúdá agus ar Bhiniáimin, céad agus a hochtó míle de thogha na ngaiscíoch, ionas go gcuirfí cath ar theaghlach Iosrael agus go mbuafaí a ríocht ar ais do Rachabám.
2. Ach tháinig briathar an Tiarna go Seamaiá, an giolla Dé, agus dúirt:
3. “Abair é seo le Rachabám, mac Sholaimh, rí Iúdá, agus leis na hIosraelaigh go léir in Iúdá agus i mBiniáimin:
4. Mar seo a deir an Tiarna: ‘Ná téigí chun troda in aghaidh bhur mbráithre. Filleadh gach duine ar a bhaile; an rud seo a tharla, is mise is cúis leis.’ ” D'éisteadar le briathar an Tiarna agus d'fhilleadar in ionad máirseáil in aghaidh Iarobám.
5. Chuir Rachabám faoi in Iarúsailéim agus thóg sé cathracha daingne in Iúdá.