Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 10:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuaigh Rachabám go Seicim mar go raibh Iosrael go léir imithe go Seicim chun é a fhógairt ina rí.

2. Nuair a chuala Iarobám mac Nabát an scéal - bhí sé san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí - d'fhill sé ón Éigipt.

3. Chuir siad fios air agus ghlaoigh siad air agus tháinig sé agus [an comhthionól] go léir in éineacht leis, agus dúirt siad le Rachabám:

4. “Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar; bog daoirse dhian d'athar, agus a chuing atá go trom orainn, agus déanfaimid seirbhís duit.”

5. Dúirt sé leo: “Tagaigí ar ais chugam faoi cheann trí lá.” D'imigh na daoine leo.

6. Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “a mholfadh sibh ba chóir dom a thabhairt ar an muintir seo?”

7. “Má bhíonn tú cneasta leis an bpobal seo,” ar siad, “agus má bhíonn tú lách leo, agus má bhíonn tú cóir leo, beidh siad mar sheirbhísigh agat go deo.”

8. Ach dhiúltaigh sé don chomhairle a thug na seanóirí dó agus chuaigh sé i gcomhairle leis na hógánaigh, a d'fhás suas leis féin, a bhí ina sheirbhís.

9. “Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt ar an muintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag d'athair orainn’?”

10. Agus d'fhreagair an dream óg a d'fhás suas leis agus dúirt leis: “Tabhair an freagra seo ar an muintir úd a dúirt: ‘Chuir d'athair ualach trom orainn le hiompar, ach déan é a éadromú dúinn’ - abair é seo leo: ‘Is raimhre mo lúidín ná coim m'athar.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 10