Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 1:10-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Tabhair dom anois eagna agus tuiscint le mo phobal a threorú óir cé a d'fhéadfadh pobal chomh mór leis seo a rialú?”

11. Dúirt Dia le Solamh: “De bhrí gurb é seo a bhí i do chroí agus a d'iarr tú, agus nach saibhreas, ná stór, ná onóir, ná bás do naimhde, ná fiú fad saoil, ach eagna agus tuiscint duit féin, le mo phobal ar ar chuir mé thú mar rí a rialú,

12. uime sin tá eagna agus tuiscint á mbronnadh ort. Tabharfaidh mé duit chomh maith, saibhreas agus maoin agus onóir, nach raibh a leithéid ag aon duine de na ríthe a bhí ann romhat agus nach mbeidh ag aon duine i do dhiaidh.”

13. D'imigh Solamh leis ón ardionad i nGibeón, ó Bhoth na Teagmhála, agus tháinig go Iarúsailéim. Bhí sé ina rí ar Iosrael.

14. Bhailigh sé fórsa carbad agus capall. Bhí ceithre chéad déag carbad aige agus dhá mhíle déag capall, agus bhuanaigh sé iad sna cathracha carbad agus leis an rí in Iarúsailéim.

15. D'fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.

16. Dhéantaí capaill Sholaimh a allmhairiú ó Chilicia agus ghlacadh gníomhairí an rí leo ó Chicilia ar phraghas cinnte.

17. Dhéantaí carbad a allmhairiú ón Éigipt ar sé chéad seicil, agus capall ar chéad go leith. Dhéantaí iadsan a onnmhairiú go dtí ríthe na Hiteach agus ríthe Arám ar an tslí chéanna trí ghníomhairí an rí.

18. Bheartaigh Solamh ar theach a thógáil d'ainm an Tiarna agus ceann eile dó féin agus dá chúirt.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 1