Sean-Tiomna

Tiomna Nua

2 Croinicí 1:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dhaingnigh Solamh mac Dháiví é féin ar a ríchathaoir. Bhí an Tiarna a Dhia lena ais agus mhóraigh sé é go héachtach.

2. Labhair Solamh ansin le hIosrael go léir, le ceannairí míle agus le ceannairí céad, leis na breithiúna, agus le flatha Iosrael agus le cinn na bhfiní.

3. Ansin chuaigh Solamh, agus an comhthionól go léir in éineacht leis, go dtí an t‑ardionad i nGibeón, mar a raibh Both Theagmhála Dé a rinne Maois, giolla Dé, san fhásach.

4. Ach bhí áirc Dé tugtha ag Dáiví ó Chiriat Iáraím go dtí an áit a bhí ullamh aige di, mar bhí both curtha suas aige di in Iarúsailéim.

5. An altóir chré-umha a rinne Bazalael mac Úirí mac Húr, bhí sí ansiúd os comhair thaibearnacal an Tiarna. Chuaigh Solamh agus a chomhthionól ansiúd.

6. Ghabh Solamh suas ansiúd ar an altóir chré-umha, a bhí taobh le Both na Teagmhála, i bhfianaise an Tiarna, agus d'ofráil míle ofráil uileloiscthe uirthi.

7. Thaispeáin an Tiarna é féin do Sholamh an oíche sin agus dúirt: “Cibe rud is main leat a fháil uaim iarr orm é.”

8. D'fhreagair Solamh Dia: “Thaispeáin tú barr cineáltais go buan do Dháiví, m'athair; agus rinne tú rí díomsa i gcomharbacht air.

Léigh chaibidil críochnaithe 2 Croinicí 1