Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 7:6-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Thionóil Iosrael go léir dá bhrí sin i Mizpeá, agus tharraing siad uisce agus dhoirt siad ansiúd é i láthair an Tiarna. Rinne siad troscadh an lá sin agus d'fhógair siad: “Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna.” Agus bhí Samúéil ina bhreitheamh ar chlann Iosrael i Mizpeá.

7. Nuair a chuala na Filistínigh go raibh clann Iosrael cruinnithe i Mizpeá, chuaigh flatha na bhFilistíneach suas in aghaidh Iosrael. Nuair a chuala clann Iosrael é sin tháinig eagla orthu roimh na Filistínigh.

8. Dúirt clann Iosrael le Samúéil: “Glaoigh gan stad ar an Tiarna ár nDia chun sinn a shaoradh ó chumhacht na bhFilistíneach”

9. Ansin fuair Samúéil uan diúil agus d'ofráil é ina íobairt uileloiscthe don Tiarna agus ghlaoigh sé ar an Tiarna thar ceann Iosrael agus thug an Tiarna toradh air.

10. Nuair a bhí Samúéil ag ofráil na híobartha dóite, dhruid na Filistínigh ina n‑aice chun catha a chur ar Iosrael, ach rinne an Tiarna tréanghlór toirní an lá sin ar na Filistínigh agus chuir sceimhle orthu, agus theitheadar roimh Iosrael.

11. Chuaigh muintir Iosrael amach ó Mhizpeá sa tóir ar na Filistínigh agus bhíodar á n‑eirleach chomh fada le Béit Cár.

12. Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir (“Cloch na Cabhrach”) uirthi á rá: “Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!”

13. Cloíodh na Filistínigh ar an gcuma sin agus níor thángadar isteach i gcríocha Iosrael a thuilleadh. Luigh lámh an Tiarna go trom ar na Filistínigh i gcaitheamh shaol Shamúéil ar fad.

14. Na cathracha a bhain na Filistínigh d'Iosrael, fuair Iosrael ar ais iad, ó Eacrón go Gat, agus d'fhuascail Iosrael a gcríocha ó chumhacht na bhFilistíneach. Bhí síocháin chomh maith idir Iosrael agus na hAmóraigh.

15. Bhí Samúéil ina bhreitheamh ar Iosrael gach lá dá shaol.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 7