Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 7:11-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Chuaigh muintir Iosrael amach ó Mhizpeá sa tóir ar na Filistínigh agus bhíodar á n‑eirleach chomh fada le Béit Cár.

12. Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir (“Cloch na Cabhrach”) uirthi á rá: “Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!”

13. Cloíodh na Filistínigh ar an gcuma sin agus níor thángadar isteach i gcríocha Iosrael a thuilleadh. Luigh lámh an Tiarna go trom ar na Filistínigh i gcaitheamh shaol Shamúéil ar fad.

14. Na cathracha a bhain na Filistínigh d'Iosrael, fuair Iosrael ar ais iad, ó Eacrón go Gat, agus d'fhuascail Iosrael a gcríocha ó chumhacht na bhFilistíneach. Bhí síocháin chomh maith idir Iosrael agus na hAmóraigh.

15. Bhí Samúéil ina bhreitheamh ar Iosrael gach lá dá shaol.

16. Théadh sé gach bliain ar cuaird go Béitéil, go Gilgeál agus go Mizpeá. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael sna háiteanna sin go léir.

17. D'fhilleadh sé ansin ar Rámá mar gurb é ba bhaile dó. Thugadh sé breith ar chlann Iosrael ansiúd leis. Thóg sé altóir ann don Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 7