Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 3:5-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. agus rith sé leis go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Ach dúirt seisean: “Níor ghlaoigh mé ort; luigh síos arís.” D'imigh sé mar sin, agus luigh síos.

6. Ghlaoigh an Tiarna arís. “A Shamúéil!” D'éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.” Agus d'fhreagair seisean: “Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.”

7. Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós.

8. Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D'éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr.

9. Dúirt sé le Samúéil: “Imigh agus luigh síos, agus má ghlaonn aon duine ort abair: ‘Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.’ ” D'imigh Samúéil mar sin agus luigh sé síos ina áit féin.

10. Tháinig an Tiarna ansin agus sheas ansiúd agus ghlaoigh mar a rinne roimhe sin: “A Shamúéil! A Shamúéil!” D'fhreagair Samúéil: “Labhair, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.”

11. Ansin dúirt an Tiarna le Samúéil: “Táim ar tí beart a dhéanamh in Iosrael a chuirfidh cigilteas ar dhá chluais gach duine a chluinfidh é.

12. Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh.

13. Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad.

14. Uime sin, mionnaím do theaghlach Éilí nach ndéanfaidh íobairt ná ofráil cúiteamh i gcoirpeacht theach Éilí go brách.”

15. D'fhan Samúéil ansiúd ina luí go maidin agus ansin d'oscail sé doirse theampall an Tiarna. Bhí eagla air an fhís a insint do Éilí,

16. ach ghlaoigh Éilí air agus dúirt: “A Shamúéil, a mhic.” “Seo anseo mé,” ar seisean.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 3