Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 3:12-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Cuirfidh mé i gcrích an lá sin in aghaidh Éilí gach rud atá ráite agam i dtaobh a theaghlaigh, ó thús deireadh.

13. Ní foláir duit a insint dó go bhfuil a theaghlach á dhaoradh agam go brách, mar go raibh fios an oilc aige go raibh a chlann ag aithsiú Dé agus nár cheartaigh sé iad.

14. Uime sin, mionnaím do theaghlach Éilí nach ndéanfaidh íobairt ná ofráil cúiteamh i gcoirpeacht theach Éilí go brách.”

15. D'fhan Samúéil ansiúd ina luí go maidin agus ansin d'oscail sé doirse theampall an Tiarna. Bhí eagla air an fhís a insint do Éilí,

16. ach ghlaoigh Éilí air agus dúirt: “A Shamúéil, a mhic.” “Seo anseo mé,” ar seisean.

17. “Cén teachtaireacht a thug sé duit?” arsa Éilí, “ná ceil orm é. Go ndéana Dia seo agus siúd leat, agus a thuilleadh fós, má cheileann tú aon ní orm dá ndúirt sé leat.”

18. D'inis Samúéil gach ní dó ansin, gan aon ní a choimeád ar gcúl uaidh. Dúirt Éilí: “Eisean an Tiarna; déanadh sé mar is áil leis.”

19. D'fhás Samúéil agus bhí an Tiarna maille leis agus níor lig sé d'aon fhocal dá chuid titim ar lár.

20. Thuig Iosrael go léir ó Dhán go Béar Seaba, go raibh Samúéil ceaptha ina fháidh don Tiarna.

21. Agus bhíodh an Tiarna á thaispeaint féin arís i Sileo mar go dtaispeánadh sé é féin do Shamúéil i Sileo trí bhriathar an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 3