Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 3:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí an gasúr Samúéil ag fónamh don Tiarna i láthair Éilí. Is annamh a bhíodh focal ón Tiarna sna laethanta sin, agus is annamh a d'fheictí físeanna.

2. Tharla lá amháin go raibh Éilí ina luí ina sheomra féin. Bhí radharc na súl ag teip air i dtreo nach raibh sé in ann dada a fheiceáil.

3. Ní raibh lóchrann Dé imithe as fós, agus bhí Samúéil ina luí i dteampall an Tiarna mar a raibh áirc Dé.

4. Ansin ghlaoigh an Tiarna: “A Shamúéil!” D'fhreagair seisean: “Seo anseo mé,”

5. agus rith sé leis go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Ach dúirt seisean: “Níor ghlaoigh mé ort; luigh síos arís.” D'imigh sé mar sin, agus luigh síos.

6. Ghlaoigh an Tiarna arís. “A Shamúéil!” D'éirigh Samúéil agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé mar ghlaoigh tú orm.” Agus d'fhreagair seisean: “Níor ghlaoigh mé ort, a mhic; luigh síos arís.”

7. Ní raibh aon aithne fós ag Samúéil ar an Tiarna, ná níor foilsíodh briathar an Tiarna dó fós.

8. Ghlaoigh an Tiarna ar Shamúéil den tríú huair. D'éirigh seisean agus chuaigh go dtí Éilí agus dúirt: “Seo anseo mé, mar ghlaoigh tú orm.” Thuig Éilí ansin gurbh é an Tiarna a bhí ag glaoch ar an ngasúr.

9. Dúirt sé le Samúéil: “Imigh agus luigh síos, agus má ghlaonn aon duine ort abair: ‘Labhair, a Thiarna, tá do sheirbhíseach ag éisteacht.’ ” D'imigh Samúéil mar sin agus luigh sé síos ina áit féin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 3