Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 29:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thionóil na Filistínigh a sluaite go léir in Afaec, agus bhí a gcampa suite ag Iosrael ag an tobar atá in Izréil.

2. Bhí taoisigh na bhFilistíneach ag gabháil thar bráid ina gcipí céad agus míle, agus Dáiví agus a chuid fear ag teacht ina ndiaidh in éineacht le hÁicís.

3. D'fhiafraigh taoisigh na bhFilistíneach: “Cad a thug na hEabhraigh seo anseo?” D'fhreagair Áicís taoisigh na bhFilistíneach: “Nach é seo Dáiví, searbhónta Shóil, rí Iosrael, atá le [bliain nó dhó] anois i mo choimhdeacht. Ní bhfuair mé locht air ón lá a ghabh sé liom go dtí inniu féin.”

4. Ach bhí fearg ar thaoisigh na bhFilistíneach leis. “Cuir ar ais é,” arsa taoisigh na bhFilistíneach leis, “agus filleadh sé ar an áit a thug tú ina sheilbh dó. Ná téadh sé síos chun catha in éineacht linn ar eagla go n‑iompódh sé orainn nuair a bheadh an cath á chur. Arbh fhearr slí aige siúd chun caradas a dhéanamh arís lena mháistir ná le cinn na bhfear seo anseo?

5. Nach é seo an Dáiví a gcanaidís ina thaobh ag rince dóibh:‘Mharaigh Sól a mhílte,Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 29