Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 28:16-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. D'fhreagair Samúéil á rá: “Cén fáth ceist a chur ormsa nuair a thréig an Tiarna thú agus go bhfuil sé ar thaobh [do chomharsan]?

17. Tá déanta ag an Tiarna leat faoi mar gheall sé ó mo bhéalsa a dhéanfadh. Sciob sé an flaitheas as do ghlac agus thug é do do chomharsa, Dáiví,

18. de bhrí nár ghéill tú do ghuth an Tiarna agus nár chuir tú fíoch a fheirge in aghaidh Amáiléic i gcrích. Uime sin a thugann an Tiarna an cor seo ort anois.

19. Mar bharr air sin déanfaidh an Tiarna Iosrael agus thusa féin a thabhairt i láimh na bhFilistíneach; agus amárach beidh tusa féin agus do chlann mhac in éineacht liom, sea agus slua Iosrael chomh maith, mar tabharfaidh an Tiarna i láimh na bhFilistíneach iad.”

20. Tháinig tocht ar Shól agus thit sé chun láir agus lántalún. Chuir a ndúirt Samúéil scéin air, agus bhí a neart tréigthe mar nár ith sé greim ar feadh an lae agus na hoíche sin go léir.

21. Tháinig an bhean go Sól ansin, agus nuair a chonaic sí an scanradh a bhí air, dúirt sí: “Féach, rinne do bhanóglach rud ort; chuir mé m'anam i bhfiontar, agus chomhlíon mé gach ar ordaigh tú dom.

22. Déansa, dá bhrí sin, rud ar do bhanóglach. Leagfaidh mé beagán bia romhat, agus ith é agus bíodh neart éigin ionat ag dul ar d'aistear.”

23. Ach ní dhéanfadh; “Ní íosfaidh mé greim,” ar sé. Ach lean na giollaí orthu, agus an bhean chomh maith leo, ag tathant air, agus ghéill sé dóibh. D'éirigh sé ón talamh, agus shuigh ar an leaba.

24. Bhí gamhain biata sa teach ag an mbean; mharaigh sí é ar an toirt; fuair sí plur agus d'fhuin é agus bhruith builíní slimaráin as;

25. leag sí an bia os comhair Shóil agus a ghiollaí agus d'itheadar é, agus d'éiríodar agus d'imíodar leo an oíche sin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 28